Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 20:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

2. Go n‑éiste an Tiarna leat lá an bhuairimh:go gcumhdaí ainm Dia Iacóib thú!

3. Go gcuire sé cúnamh chugat ón sanctóiragus go dtuga sé taca duit as Síón.

4. Go mba cuimhin leis d'ofrálacha go léir:go mba taitneamhach leis d'íobairtí uileloiscthe.

5. Go dtuga sé mianta do chroí duit,go gcomhlíona sé do bhearta go léir.

6. Go ndéanaimid lúcháir as ucht do bhua,agus gairdeas in ainm ár nDé.Go ndeonaí an Tiarna d'achainíocha go léir duit.

7. Is deimhin liom anois go bhfuil an buatugtha ag an Tiarna dá ungthach;go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofale gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe.

8. Bíonn dóchas droinge i gcarbaidagus dóchas droinge eile in eachra;cuirimidne, áfach, ár ndóchasin ainm an Tiarna, ár nDia.

9. Treascrófar iad siúd agus titfidh siad;seasfaimidne an fód go daingean.

10. Tabhair an bua don rí, a Thiarna,agus éist linn nuair a ghlaoimid ort.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 20