6. Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm:claon do chluas agus éist le mo bhriathar.
7. Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna,a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe.
8. Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile;folaigh mé faoi scáth do sciathán
9. ar na peacaigh a imríonn éigean orm.Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta;
10. a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais.
11. Éiríonn siad i m'éadan, bailíonn siad i mo thimpeall,táid ag faire na faille d'fhonn mé a leagan ar lántalamh.
12. Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche,le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht.
13. Éirigh ina n‑aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna;saor m'anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh.
14. Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoinea bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo.Líonann tú a mbolg as do líonmhaireachtgo mbíonn díol a sáithe ag a gclann,agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.
15. Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht,agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.