Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 17:2-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Gurab uaitse a gheobhaidh mé breithiúnas;feiceann tusa an fhírinne.

3. Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche,déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.

4. Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine;sheachnaigh mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil.

5. Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite,ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.

6. Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm:claon do chluas agus éist le mo bhriathar.

7. Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna,a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe.

8. Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile;folaigh mé faoi scáth do sciathán

9. ar na peacaigh a imríonn éigean orm.Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta;

10. a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais.

11. Éiríonn siad i m'éadan, bailíonn siad i mo thimpeall,táid ag faire na faille d'fhonn mé a leagan ar lántalamh.

12. Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche,le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 17