Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 145:10-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ceiliúrfaidh d'oibreacha uile thú, a Thiarna;agus beannóidh do dhaoine dílse thú.

11. Canfaidh siad glóir-réim do ríochta;agus foilseoidh siad uile do chumhacht,

12. ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoineagus niamhracht agus glóir-réim do ríochta.

13. Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol,agus do cheannas go brách na breithe.Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile;agus is naofa é ina oibreacha go léir.

14. Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim;agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár.

15. Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa;agus tugann tú bia dóibh in am trátha.

16. Osclaíonn tú do lámh go fialmhar;agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas.

17. Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile;agus is naofa é ina oibreacha go léir.

18. Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air,dá ngaireann air go fírinneach ó chroí.

19. Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é;éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.

20. Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó;ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 145