Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 144:6-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Teilg amach uait na splancacha agus scaip iad;scaoil uait do shaigheada á dtreascairt.

7. Sín do lámh uait anuas le mé a shaoradhis a fhuascailt ó na tuilte agus ó láimh na n‑eachtrannach,

8. a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu,agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.

9. Canfaidh mé amhrán nua duit, a Dhia;seinnfidh mé ar chláirseach na ndeich dtéad duit.

10. Óir is tú a thugann an bua do ríthe;agus a thug tarrtháil ar Dháiví, do ghiolla.

11. Tabhair saor ó chlaíomh an oilc mé;sábháil ó láimh na n‑eachtrannach mé,a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu,agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.

12. Gura cosúil ár gclann mhac le húrchrainn,agus iad ag fás ina n‑óige;gura cosúil ar n‑iníonacha le colúin chúinne,arna snoí mar cholúin an teampaill.

13. Go raibh ár sciobóil ag cur thar maoil le gach toradh,agus ár dtréada ag breith ina mílte,agus ina ndeicheanna de mhílte inár bpáirceanna.

14. Go raibh ár mbólacht trom torrach le laonna;ná raibh ár múrtha briste bearnach; ná raibh deoraíocht,ná raibh círéib ná clampar inár sráideanna.

15. Is méanar don mhuintir arb amhlaidh dóibh;an mhuintir a bhfuil an Tiarna ina Dhia acu.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 144