Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 143:7-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Éist liom gan mhoill, a Thiarna,óir tá mo mheanma á cloí.Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm,sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.

8. Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin,óir is ionat a chuirim mo dhóchas.Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam,óir is chugatsa a thógaim m'anam.

9. Fuascail mé ó m'eascairde, a Thiarna;óir chuir mé mé féin faoi do choimirce.

10. Múin dom do thoil a dhéanamh,óir is tú mo Dhia, a Thiarna.Go ndéana do dhea-spiorad mé a sheoladh,isteach sa talamh comhréidh.

11. Cosain mo bheo as ucht d'ainm, a Thiarna;i d'fhíréantacht saor m'anam ón anacair.

12. Déan mo naimhde a dhíothú as ucht do chineáltais;agus cuir ó mhaith a mbíonn ag déanamh cos ar bolg orm;óir is mé do sheirbhíseach, a Thiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 143