1. Salm Dháiví. 1 Éist le m'urnaí, a Thiarna;éist le m'achainí as ucht do dhílse,freagair mé as ucht d'fhíréantachta.
2. Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais;óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise.
3. Óir chuaigh an namhaid sa tóir orm;threascair sé m'anam go huir;thug sé orm fanacht sa dorchachtar nós daoine atá marbh le fada.
4. Dá bhrí sin tháinig meath ar mo mheanma;agus chalcaigh mo chroí istigh ionam.
5. Is cuimhin liom na laethanta fadó;déanaim machnamh ar d'oibreacha go léir.Bím ag smaoineamh ar shaothar do lámh
6. agus sínim mo sciatháin amach chugat;mar thalamh spalptha bíonn m'anam ag tnúth leat.
7. Éist liom gan mhoill, a Thiarna,óir tá mo mheanma á cloí.Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm,sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.