Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 135:5-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Óir is eol dom gur mór é an Tiarna,ina Dhia os cionn na ndéithe go léir.

6. Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh,ar muir agus in íochtar na farraige.

7. Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne;déanann sé fearthainn le saighneáin tine;tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.

8. Bhuail sé céadghin na hÉigipte,idir dhaoine agus bheithígh in éineacht.

9. Rinne sé comharthaí agus tuarthai gceartlár do thíre, a Éigiptin aghaidh Fhorainn is a lucht fónaimh go léir.

10. Bhuail sé a lán de na ciníocha;agus mharaigh sé ríthe cumhachtacha -

11. Síochon, rí na nAmórachagus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán,agus ríthe Chanán go léir.

12. Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht,mar oidhreacht do Iosrael, a phobal.

13. Maireann d'ainm de shíor, a Thiarna,agus do chuimhne ó ghlúin go chéile.

14. Óir déanfaidh an Tiarna a phobal a chosaint;agus glacfaidh sé trua dá lucht fónaimh.

15. Ór agus airgead íola na gciníocha,saothar lámh na ndaoine.

16. Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;tá súile acu ach ní fheiceann siad dada;

17. tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid;ná níl puth anála ina mbeola.

18. Is cosúil leo féin lucht a ndéanta;agus a gcuireann a ndóchas iontu.

19. A theaghlach Iosrael, tabhair moladh don Tiarna;a theaghlach Árón, tabhair moladh don Tiarna;

20. a theaghlach Léiví, tabhair moladh don Tiarna;a lucht adhartha an Tiarna, tabhair moladh dó.

21. Moladh leis an Tiarna as Síón;tá cónaí air in Iarúsailéim!

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 135