Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 135:12-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht,mar oidhreacht do Iosrael, a phobal.

13. Maireann d'ainm de shíor, a Thiarna,agus do chuimhne ó ghlúin go chéile.

14. Óir déanfaidh an Tiarna a phobal a chosaint;agus glacfaidh sé trua dá lucht fónaimh.

15. Ór agus airgead íola na gciníocha,saothar lámh na ndaoine.

16. Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;tá súile acu ach ní fheiceann siad dada;

17. tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid;ná níl puth anála ina mbeola.

18. Is cosúil leo féin lucht a ndéanta;agus a gcuireann a ndóchas iontu.

19. A theaghlach Iosrael, tabhair moladh don Tiarna;a theaghlach Árón, tabhair moladh don Tiarna;

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 135