Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 119:97-116 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

97. A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna;is ábhar machnaimh dom de shíor é.

98. Rinne d'aithne níos críonna ná m'eascairde mé;óir bíonn sí in éineacht liom de shíor.

99. Is críonna mé ná lucht mo mhúinte go léir,toisc go machnaím ar d'fhorálacha.

100. Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí;óir comhlíonaim do phroiceapta.

101. Tugaim ar mo chosa gach drochshlí a sheachaint,d'fhonn do bhriathra a choimeád.

102. Ní chlaonaim i leataobh ó d'fhoraitheanta;ós tú a mhúin mé.

103. Is milse do bhriathra le mo charball;ná mil le mo bhéal.

104. Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta;is gráin liom gach drochshlí.

105. Is lóchrann do mo chosa do bhriathar;is solas do mo chosán é.

106. Mhionnaigh mé agus bheartaigh mé i m'aigne,d'fhoraitheanta a choimeád.

107. Tá mé buartha go mór, a Thiarna;beoigh mé le do bhriathar.

108. Glac le hofrálacha mo bhéil, a Thiarna;agus múin dom d'fhoraitheanta.

109. Bíonn mo bheo i mbaol i gcónaíach ní dhearmadaim do dhlí.

110. Chuir na peacaigh gaiste i mo bhealach;ach níor thréig mé do phroiceapta.

111. Is iad d'fhorálacha mo oidhreacht go brách;cuireann siad áthas ar mo chroí.

112. Chlaon mé mo chroí chun do reachtanna a chomhlíonadhgo beacht agus go brách.

113. Is fuath liom an teanga liom leat;ach is geal liom do dhlí.

114. Is tú mo chaomhnóir agus mo sciath;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.

115. Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide;coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé.

116. Seas liom de réir d'fhocail agus mairfidh mé;ná teipeadh ar mo dhóchas.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 119