85. Thochail na huaibhrigh claiseanna dom,in aghaidh do dhlí.
86. Is fíor iad do phroiceapta uile - fóir orm;déantar mo chrá gan chúis.
87. Cé gur beag nár cuireadh deireadh liom ar talamh,níor thréig mé d'aitheanta.
88. Tabhair an bheatha dom de réir do thrócaire;agus coimeádfaidh mé d'fhorálacha.
89. Maireann do bhriathar go brách, a Thiarna,chomh daingean le neamh.
90. Maireann d'fhírinne go dtí an uile ghlúin,mar an talamh a bhunaigh tú.
91. Maireann siad go buan de réir do reachtanna;fónann gach aon ní duit.
92. Murach gurb aoibhinn liom do dhlí,gheobhainn bás i m'ainnise.
93. Go deo ní dhéanfaidh mé dearmad ar do phroiceapta,óir is leo a thug tú beatha dom.
94. Is leat mé; déan mé a tharrtháil,toisc go lorgaim do phroiceapta.
95. Tá na peacaigh ag fanacht liom d'fhonn mo mhillte;ach tugaim d'fhorálacha do m'aire.
96. Is eol dom go bhfuil críoch le gach foirfeacht;ach gur fada fairsing í d'aithne.
97. A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna;is ábhar machnaimh dom de shíor é.