Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 119:76-83 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

76. Bíodh do bhuanghrá ina ábhar sóláis dom,mar a gheall tú do do ghiolla.

77. Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé,óir is aoibhinn liom do dhlí.

78. Go gclise ar na huaibhrigh atá do mo chrá gan ábharagus mé ag machnamh ar do phroiceapta.

79. Go n‑iompaítear chugam an dream lenarb eagal tú,a thugann aire do d'fhorálacha.

80. Go raibh mo chroí go foirfe i do reachtanna,ionas nach bhfaighinn mo náiriú.

81. Bíonn m'anam ag tnúth le do shlánú;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.

82. Meathann mo shúile le dúil i do ghealltanas;cathain a tabharfaidh tú sólás dom?

83. Cé gur cosúil mé le buidéal leathair sa deatach,níor dhearmad mé do reachtanna.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 119