Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 119:122-141 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

122. Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis,sula dtreascraí na huaibhrigh mé.

123. Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh,agus i bhfírinne do bhriathair.

124. Déan le do ghiolla de réir do bhuanghrá,agus múin dom do reachtanna.

125. Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom,ionas gurab eol dom d'fhorálacha.

126. Is mithid duit gníomhú, a Thiarna,óir sáraíodh do dhlí.

127. Ar an ábhar sin is ansa liom d'aitheanta,ná an t‑ór is mine.

128. Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile,toisc gur fuath liom gach bréagshlí.

129. Is iontach iad go dearfa do fhorálacha;is uime sin a choimeádaim iad.

130. Tugann foilsiú do bhriathair solas dom,agus teagasc do lucht aineolais.

131. Bíonn mo bhéal ar leathadh ag osnaíl domagus mé ag tnúth le d'aitheanta.

132. Iompaigh chugam agus taispeáin dom do thrua,mar a dhéanann tú do do chairde.

133. Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair;ná gabhadh an urchóid forlámhas orm.

134. Déan mo shaoradh ar ansmacht na ndaoine;agus coimeádfaidh mé do phroiceapta.

135. Soilsíodh solas do ghnúise ar do ghiolla;agus múin dom do reachtanna.

136. Chaoin mé uisce mo chinntoisc nár coimeádadh do dhlí.

137. Is fíréanta tú go deimhin, a Thiarna;agus is ceart do bhreithiúnas.

138. Chuir tú d'fhorálacha i bhfeidhm go cóiragus go daingean diongbháilte.

139. Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta,mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar.

140. Tástáladh do bhriathar go dearfaagus is geal le do ghiolla é.

141. Is beag is fiú mé féin, agus is suarach;ní dhearmadaim do phroiceapta.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 119