120. Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat;agus is eagal liom do reachtanna.
121. Chleachtaigh mé an ceart agus an chóir;ná tabhair suas do lucht leatroim mé.
122. Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis,sula dtreascraí na huaibhrigh mé.
123. Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh,agus i bhfírinne do bhriathair.
124. Déan le do ghiolla de réir do bhuanghrá,agus múin dom do reachtanna.
125. Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom,ionas gurab eol dom d'fhorálacha.
126. Is mithid duit gníomhú, a Thiarna,óir sáraíodh do dhlí.