Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 118:19-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Osclaígí dom doirse na fíréantachta;rachaidh mé isteach a thabhairt buíochais.

20. Seo agaibh doras an Tiarnatrína rachaidh na fíréin isteach.

21. Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom;agus gur tú mo shlánaitheoir.

22. An chloch dár dhiúltaigh na saoir,rinne ceann an chúinne di.

23. Is é an Tiarna a rinne an ní seo,agus is éachtach linn é.

24. Is é seo an lá a rinne an Tiarna;bíodh áthas is gliondar orainn.

25. Fóir orainn, achainímid, a Thiarna;a Thiarna, go n‑éirí linn!

26. Is beannaithe in ainm an Tiarnaan té atá le teacht.Beannaímid sibh as teach an Tiarna.

27. Sé an Tiarna Dia ár solas.Gabhaigí ar aghaidh i mórshiúl le craobhachago beanna na haltóra.

28. Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat;móraim thú, a Dhia.

29. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;maireann a bhuanghrá go brách.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 118