7. Glac do shuaimhneas arís, a anam liom,mar roinn an Tiarna go maith leat.
8. Óir sciob sé m'anam ón mbás,agus mo shúile ó dheora,agus mo chosa ó thuisliú.
9. Beidh mé ag siúl i láthair an Tiarna;i bhfearann na mbeo.
10. Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé:“Tá mé buartha go mór.”
11. Nuair a dúirt mé le corp eagla:“Is bréagach gach aon neach.”
12. Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarnaina ndearna sé dom?
13. Glacfaidh mé cupán an tslánaithe,gairfidh mé ainm an Tiarna.
14. Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarnai bhfianaise a phobail.
15. Is luachmhar i láthair an Tiarnabás a fhíréan.
16. Is mise do ghiolla, a Thiarna,sea, is mac do chailín aimsire;scaoil tú mo chuibhreacha.
17. Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit;gairfidh mé ainm an Tiarna.
18. Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarnai bhfianaise a phobail,
19. i gcúirteanna áras an Tiarnai gceartlár Iarúsailéim.