1. AlleluiaTugaim grá agus taitneamh don Tiarna,toisc gur éist sé le mo ghuí;
2. toisc gur chrom sé chugam a chluas,nuair a ghaireas air.
3. Bhí dola an bháis i mo thimpeall,agus pianpháis na huaighe;casadh anró agus anacair i mo threo.
4. Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna.“A Thiarna, fóir ar m'anam!”
5. Is ceansa an Tiarna agus is cóir;is trócaireach é ár nDia.
6. Caomhnaíonn sé an dream gan chealg;bhí mé ar lár agus shaor sé mé.
7. Glac do shuaimhneas arís, a anam liom,mar roinn an Tiarna go maith leat.
8. Óir sciob sé m'anam ón mbás,agus mo shúile ó dheora,agus mo chosa ó thuisliú.