Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 116:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. AlleluiaTugaim grá agus taitneamh don Tiarna,toisc gur éist sé le mo ghuí;

2. toisc gur chrom sé chugam a chluas,nuair a ghaireas air.

3. Bhí dola an bháis i mo thimpeall,agus pianpháis na huaighe;casadh anró agus anacair i mo threo.

4. Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna.“A Thiarna, fóir ar m'anam!”

5. Is ceansa an Tiarna agus is cóir;is trócaireach é ár nDia.

6. Caomhnaíonn sé an dream gan chealg;bhí mé ar lár agus shaor sé mé.

7. Glac do shuaimhneas arís, a anam liom,mar roinn an Tiarna go maith leat.

8. Óir sciob sé m'anam ón mbás,agus mo shúile ó dheora,agus mo chosa ó thuisliú.

9. Beidh mé ag siúl i láthair an Tiarna;i bhfearann na mbeo.

10. Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé:“Tá mé buartha go mór.”

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 116