Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 109:19-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Go raibh siad mar chulaith á chlúdach,mar chrios a bheadh á chrioslú de shíor.

20. Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe,agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.

21. Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht d'ainm;agus fóir orm le feabhas do bhuanghrá.

22. Óir táimse go dearóil dealbh;agus tá mo chroí á chrá istigh ionam.

23. Leáim as mar scáil fhada an tráthnónascuabtar chun siúil mé mar an lócaiste.

24. Tá mo ghlúine ag imeacht uaim le troscadh;agus mo cholainn á snoí agus á caitheamh.

25. Ráinig mé i m'ábhar scige ag gach aon neach;agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann.

26. Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom;saor mé de réir do bhuanghrá.

27. Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámhsa,gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo.

28. Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh;go ndéantar mo naimhde a náiriúagus go ndéana do ghiolla gairdeas.

29. Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne;agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.

30. Gabhfaidh mé buíochas leis an Tiarna os ard;tabharfaidh mé moladh dó i measc an tslua.

31. Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáinlena shábháil ó lucht a dhaortha.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 109