16. Toisc nárbh áil leis trócaire a dhéanamhach go ndearna géarleanúint go bás ar an ainniseoir agus an dearóil,agus gur mharaigh sé fear an chroí chráite.
17. An mhallacht ina raibh a dhúil go dtaga sí anuas air;gura fada uaidh an bheannacht nárbh áil leis.
18. Go raibh sé gléasta i mallachtaí mar a bheadh in éadach;go dté siad isteach ina bhaill bheatha amhail uisceagus isteach ina chnámha amhail ola.
19. Go raibh siad mar chulaith á chlúdach,mar chrios a bheadh á chrioslú de shíor.
20. Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe,agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.
21. Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht d'ainm;agus fóir orm le feabhas do bhuanghrá.
22. Óir táimse go dearóil dealbh;agus tá mo chroí á chrá istigh ionam.
23. Leáim as mar scáil fhada an tráthnónascuabtar chun siúil mé mar an lócaiste.
24. Tá mo ghlúine ag imeacht uaim le troscadh;agus mo cholainn á snoí agus á caitheamh.
25. Ráinig mé i m'ábhar scige ag gach aon neach;agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann.
26. Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom;saor mé de réir do bhuanghrá.
27. Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámhsa,gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo.