9. Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí;agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.
10. Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad;agus scaoil sé iad as greim a naimhde.
11. D'fholaigh an tuile a gcéilí comhraic;níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.
12. Ansin is ea a chreid siad a bhriathra;gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.
13. Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí;agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.
14. Ligeadar srian lena mianta san fhásach;chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.
15. Lig sé a n‑achainí leo;ach chuir sé seirg-ghalar ar a n‑anam.
16. Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna,agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna.
17. D'oscail an talamh agus shlog sé Dátán,agus d'fholaigh sé Aibíorám is a mhuintir.