35. Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha,go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.
36. Thug siad fónamh d'íola na náisiún,gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.
37. Óir d'íobair siad a macra féin,agus a n‑iníonacha féin do na deamhain.
38. Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach,fuil a mac is a n‑iníonacha,a d'íobair siad do íola Chanángur truaillíodh an tír le fuil.
39. Trochlaíodh iad lena n‑oibreacha féin;agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha.
40. Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail;ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.
41. Thug sé faoi smacht na náisiún iad,agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.
42. Rinne a naimhde cos ar bolg orthu,agus fágadh faoi smacht a lámh iad.
43. Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad,ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna,agus leag a n‑urchóid féin ar lár iad.