1. Ollmhaitheas Dé agus Diomaíochas Iosrael Alleluia. 1 Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;toisc go maireann a bhuanghrá go brách.
2. Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt?cé a chraolfaidh a mholtaí go léir?
3. Is méanar don dream a choinníonn an ceart,agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.
4. Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom,as ucht do ghrá do do phobal.Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;
5. go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat,go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail;is go ndéana mé mórtas mar aon le d'oidhreacht.
6. Pheacaíomar ar nós ar sinsir;rinneamar an t‑olc agus an t‑éigeart.
7. Níor thug ár n‑aithreacha san Éigiptaon aird ar bith ar d'éachtaí.Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá;thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.
8. Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm,d'fhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh.
9. Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí;agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.
10. Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad;agus scaoil sé iad as greim a naimhde.
11. D'fholaigh an tuile a gcéilí comhraic;níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.
12. Ansin is ea a chreid siad a bhriathra;gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.
13. Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí;agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.