4. Breathnaígí an Tiarna agus a chumhacht;lorgaígí a ghnúis de shíor.
5. Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé;ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil.
6. A shliocht Abrahám, a lucht fónaimh féin!a chlann Iacóib dá ndearna sé rogha!
7. Is é an Tiarna féin ár nDiaa bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne.
8. Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách,ar a ghealltanas go dtí míle glúin,
9. an conradh a cheangail sé le hAbrahám,an mionn a mhionnaigh sé do Íosác.
10. Dhaingnigh sé ina reacht é do Iacób,ina chonradh d'Iosrael go brách,
11. á rá leis: “Tabharfaidh mé Canán duit,chun bheith mar oidhreacht agat féin.”
12. An uair ba thearc a líon,glac bheag díobh, ina gcoimhthígh sa tír,
13. ag imeacht ó chine go cine dóibh,is iad ag fánaíocht ó ríocht go ríocht.
14. Níor lig sé d'aon neach cos ar bolg a dhéanamh orthu;ach rinne bagairt ar ríthe ar a son.