24. Mhéadaigh sé a phobal go mór,go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad.
25. D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal,agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.
26. Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu,agus Árón, an duine a roghnaigh sé.
27. D'oibrigh siad a chomharthaí ina measc,agus a iontais i bhfearann Hám.
28. Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,ach níor thug siad aird ar a bhriathar.
29. Rinne sé fuil dá n‑uiscíi dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc.
30. Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,fiú amháin i seomraí a ríthe.
31. Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga,agus de mhíolta ar fud na tíre.
32. Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne;agus tine chraosach trína gcríocha go léir.
33. Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí;agus threascair sé crainn uile a gcríocha.
34. Labhair sé agus tháinig na lócaistí,agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh.
35. Shlog siad a raibh de luibheanna sa tír,agus d'ith siad toradh a dtalaimh.
36. Bhuail sé gach céadghin ina bhfearann,céadtoradh a nirt go léir.
37. Sheol sé amach iad le hór is le hairgead,gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna.
38. Bhí áthas ar na hÉigiptigh nuair a d'imigh siadóir bhí uamhan agus eagla orthu rompu.