18. Ceanglaíodh a chosa le cuibhreacha;crioslaíodh a mhuineál le hiarann,
19. go dtí gur comhlíonadh a fháistine;is gur dhearbhaigh briathar an Tiarna é.
20. Chuir an rí dá fhios agus d'fhuascail é;rinne taoiseach na gciníocha é a shaoradh.
21. Cheap sé ina thiarna ar a theaghlach é,ina mhaor ar a mhaoin go léir,
22. d'fhonn a mhaithe a mhúineadh mar ba mhian leis,agus saoithe a dhéanamh dá sheanóirí.
23. Tháinig Iosrael isteach san Éigipt dá éis sin;agus bhain Iacób faoi i dtír Hám.
24. Mhéadaigh sé a phobal go mór,go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad.
25. D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal,agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.
26. Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu,agus Árón, an duine a roghnaigh sé.
27. D'oibrigh siad a chomharthaí ina measc,agus a iontais i bhfearann Hám.
28. Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,ach níor thug siad aird ar a bhriathar.
29. Rinne sé fuil dá n‑uiscíi dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc.
30. Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,fiú amháin i seomraí a ríthe.
31. Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga,agus de mhíolta ar fud na tíre.
32. Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne;agus tine chraosach trína gcríocha go léir.
33. Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí;agus threascair sé crainn uile a gcríocha.