Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 105:15-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. “Ná leomhadh sibh baint le m'ungthaigh;ná déanaigí dochar do m'fháithe.”

16. Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin,agus gur mhill sé an t‑arán ar fad orthu,

17. is amhlaidh a bhí fear curtha rompu aige,mar a bhí, Iósaef, a díoladh i ndaorbhroid.

18. Ceanglaíodh a chosa le cuibhreacha;crioslaíodh a mhuineál le hiarann,

19. go dtí gur comhlíonadh a fháistine;is gur dhearbhaigh briathar an Tiarna é.

20. Chuir an rí dá fhios agus d'fhuascail é;rinne taoiseach na gciníocha é a shaoradh.

21. Cheap sé ina thiarna ar a theaghlach é,ina mhaor ar a mhaoin go léir,

22. d'fhonn a mhaithe a mhúineadh mar ba mhian leis,agus saoithe a dhéanamh dá sheanóirí.

23. Tháinig Iosrael isteach san Éigipt dá éis sin;agus bhain Iacób faoi i dtír Hám.

24. Mhéadaigh sé a phobal go mór,go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad.

25. D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal,agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.

26. Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu,agus Árón, an duine a roghnaigh sé.

27. D'oibrigh siad a chomharthaí ina measc,agus a iontais i bhfearann Hám.

28. Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,ach níor thug siad aird ar a bhriathar.

29. Rinne sé fuil dá n‑uiscíi dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc.

30. Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,fiú amháin i seomraí a ríthe.

31. Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga,agus de mhíolta ar fud na tíre.

32. Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne;agus tine chraosach trína gcríocha go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 105