Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 102:10-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Óir ithim luaithreach mar a ithim arán;agus meascaim mo dheoch le deora,

11. de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile,óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.

12. Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh;tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.

13. Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe;maireann d'ainm ó ghlúin go glúin.

14. Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón,óir is mithid duit trua a dhéanamh di,toisc gur tháinig a hionú isteach.

15. Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha;agus is trua leo fiú amháin a fothracha.

16. Beidh eagla ar na ciníocha roimh d'ainm, a Thiarna;agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir.

17. Nuair a athnuafaidh an Tiarna Síón,nuair a thaispeánfaidh sé a ghlóir,

18. claonfaidh sé ansin chun urnaithe na ndealbh;agus ní eiteoidh sé a n‑achainíocha chuige.

19. Scríobhtar an ní seo le haghaidh na glúine atá le teacht;moladh pobal nár rugadh fós an Tiarna.

20. “D'fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde;bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.

21. i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach;agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” -

22. D'fhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón,agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,

23. nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile;chun go ndéana siad fónamh don Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 102