Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 100:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Salm buíochais. 1 Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile;

2. fónaigí don Tiarna go lúcháireach.Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.

3. Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn.Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.

4. Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh.Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí.Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm.

5. Nach maith é go deimhin an Tiarna;maireann a bhuanghrá go brách.Is dílis é ó ghlúin go chéile.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 100