5. Éiríonn an bóthar leis i gcónaíagus is fada óna aigne do bhreitheanna.Is beag aige a naimhde uile.
6. Deir sé ina chroí: “Ní chorrófar mé:Ní bhainfidh míshéan dom go brách.”
7. Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaíagus fós de chealg is de bhréaga:bíonn urchóid is mioscais faoina theanga.
8. Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte:dúnmharaíonn sé an neamhchiontach ina ionad folaigh.Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca.
9. Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais,fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise:beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.
10. Cromann sé chun léim a thabhairtagus titeann an t‑anbhann le treise a lámh.
11. Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia;folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”
12. Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia!agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.
13. Cad chuige don choirpeach drochmheas a chaitheamh le Dia,á rá ina chroí: “Ní imreoidh sé díoltas”?
14. Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamhionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh.Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir,is tú a thugann cúnamh don dílleachta.
15. Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh,agair a n‑urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.
16. Is é an Tiarna is rí go brách na breithe;rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.