Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 10:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna?Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?

2. Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasachagus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.

3. Óir maíonn an t‑éagráifeach as mianta a chroí:déanann an santach diamhasla agus diúltaíonn don Tiarna.

4. Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.”Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”

5. Éiríonn an bóthar leis i gcónaíagus is fada óna aigne do bhreitheanna.Is beag aige a naimhde uile.

6. Deir sé ina chroí: “Ní chorrófar mé:Ní bhainfidh míshéan dom go brách.”

7. Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaíagus fós de chealg is de bhréaga:bíonn urchóid is mioscais faoina theanga.

8. Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte:dúnmharaíonn sé an neamhchiontach ina ionad folaigh.Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca.

9. Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais,fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise:beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.

10. Cromann sé chun léim a thabhairtagus titeann an t‑anbhann le treise a lámh.

11. Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia;folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 10