Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 8:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.

8. Léigh Eazrá giotaí as leabhar an dlí, agus thug aistriú agus míniú orthu don phobal ionas go dtuigfidís a raibh á léamh.

9. Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.

10. Ansin dúirt sé leo: “Imígí libh, ithigí an tsaill agus ólaigí fíon milis agus cuirigí cuid díobh chun an té nach bhfuil aon ní ullamh aige. Óir tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brón oraibh óir is é áthas an Tiarna bhur neart.”

11. Agus chiúnaigh na Léivítigh an pobal go léir á rá: “Bígí ar bhur suaimhneas; is lá coisricthe é seo; ná bíodh brón oraibh.”

12. Agus d'imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh.

13. An dara lá chruinnigh cinn finí an phobail ar fad agus na sagairt agus na Léivítigh timpeall Eazrá an scríobhaí le staidéar a dhéanamh ar bhriathra an dlí.

14. Agus fuair siad scríofa sa dlí a d'aithin an Tiarna trí Mhaois: “Tá clann Iosrael le maireachtáil i scáthláin le linn féile an tseachtú mí.”

15. A luaithe a chuala siad é sin, [d'fhógair] siad ina gcathracha go léir agus in Iarúsailéim: “Téigí faoi na sléibhte agus tugaigí libh géaga de chrainn olóige, píne agus mirtil agus pailme agus de chrainn chraobhacha eile le scáthláin a dhéanamh mar atá scríofa sa leabhar.”

16. Chuaigh an pobal amach agus thug leo iad agus rinne scáthláin dóibh féin, gach duine ar dhíon a thí féin, agus ina gclósanna, agus i gclósanna Theampall Dé, ar chearnóg Gheata an Uisce agus ar chearnóg Gheata Eafráim.

17. Rinne comhthionól iomlán na muintire a d'fhill ó dheoraíocht scáthláin agus chuaigh chun cónaithe iontu; ní dhearna clann Iosrael riamh a leithéid ó laethanta Iósúa mac Nún go dtí an uair sin. Bhí lúcháir mhór ann.

18. Lá i ndiaidh an lae ó thús deireadh, léadh Eazrá sleachta as leabhar dhlí Dé. Cheiliúir siad an fhéile ar feadh seacht lá, agus ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta de réir mar a bhí ordaithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Nihimiá 8