Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 13:3-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. A luaithe a chuala an pobal an dlí, dheighil siad gach aon duine de phór deoranta ó Iosrael.

4. Ceapadh Eiliáisíb an sagart roimhe sin ina reachtaire ar sheomraí Theampall ár nDé. Bhí gaol aige le Tóibíá,

5. agus chóirigh sé seomra fairsing dósan, seomra ina mbíodh na habhlanna, an túis, na soithí, na deachúna arbhair, ola agus fíona á gcoimeád acu roimhe sin; ba é a bhí i gceist leis na nithe sin ná an chuid a bhí dlite do na Léivítigh, na cantairí, na gardaí geata, agus do na sagairt.

6. Fad a bhí sé seo go léir ar siúl bhí mé féin as baile ó Iarúsailéim, mar sa dara bliain tríochad de réimeas Artaxarxaes rí na Bablóine chuaigh mé d'fhios an rí. Ach tar éis tamaill d'iarr mé cead imeacht air,

7. agus d'fhill mé ar Iarúsailéim. Ansin is ea a chuala mé an choir ghránna a rinne Eiliáisíb do Thóibíá, gur chóirigh sé seomra dó i gcúirt Theampall Dé.

8. Chuir sin an-fhearg orm. Chaith mé urra tí Thóibíá go léir as an seomra,

9. thug ordú an seomra a ghlanadh, agus chuir soithí Theampall Dé agus na habhlanna agus an túis ar ais.

10. Fuair mé amach freisin nach raibh a gcuid á tabhairt go rialta do na Léivítigh, agus go raibh na Léivítigh féin agus na cantairí ar a raibh dualgas an liotúirge imithe leo abhaile go dtí a dtailte.

11. Chuir mé ceartú ar na feidhmeannaigh - “Cén fáth a bhfuil Teampall Dé tréigthe?” d'fhiafraigh mé. Agus chruinnigh mé na [Léivítigh] le chéile arís agus chuir mé i bhfeighil a gcúram iad.

12. Ansin thug Iúdá go léir an deachú den arbhar, den fhíon agus den ola, go dtí na stórais.

13. Mar reachtairí ar na stórais cheap mé Seilimiá an sagart, Zádóc an scríobhaí, agus Padáiá, Léivíteach, agus, mar chúntoirí, Hánán mac Zacúr, mac Mhatainiá, mar gur síleadh go raibh siad iontaofa; ba é a ngnó a gcuid a thabhairt dá ngaolta.

14. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá mbarr seo; ná scrios chun siúil an beart dúthrachta a rinne mé do Theampall mo Dhé agus dá liotúirge.

15. Sna laethanta úd chonaic mé daoine in Iúdá ag pasáil na gcantaoirí fíona ar an tsabóid agus a thuilleadh ag breith na bpunann arbhair leo agus á gcur ar asail, agus mar an gcéanna le fíon, fíniúnacha, figí agus gach sort ualaigh lena dtabhairt isteach in Iarúsailéim ar an tsabóid. [Thug mé foláireamh dóibh gan an bia] a dhíol.

16. Tuírigh freisin a raibh cónaí orthu sa chathair, bhídís ag breith éisc agus gach sórt soláthair isteach le díol ar an tsabóid le muintir Iúdá in Iarúsailéim.

17. Thug mé casaoid do mhaithe Iúdá á rá: “Cad é mar mhí-iompar é seo agaibh ag truailliú lá na sabóide!

18. Nach mar sin díreach a rinne bhur sinsir, i dtreo gur thug Dia an ainnise seo go léir orainn féin agus ar an gcathair seo! An mian libh cuthach eile feirge a thabhairt ar an gcathair le truailliú na sabóide?”

Léigh chaibidil críochnaithe Nihimiá 13