Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 13:17-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Thug mé casaoid do mhaithe Iúdá á rá: “Cad é mar mhí-iompar é seo agaibh ag truailliú lá na sabóide!

18. Nach mar sin díreach a rinne bhur sinsir, i dtreo gur thug Dia an ainnise seo go léir orainn féin agus ar an gcathair seo! An mian libh cuthach eile feirge a thabhairt ar an gcathair le truailliú na sabóide?”

19. Díreach roimh an tsabóid nuair a bhí scáilí an dorchadais ag titim ar gheataí Iarúsailéim, thug mé ordú na comhlaí a dhúnadh, agus dúirt mé: “Na hosclaígí arís iad nó go mbeidh an tsabóid thart.” Chuir mé cuid de mo sheirbhísigh ag faire ag na geataí i dtreo nach n‑iomprófaí aon ualach isteach ar an tsabóid.

20. Uair nó dhó chaith ceannaithe, agus mangairí gach sórt earra, an oíche lasmuigh de Iarúsailéim.

21. Ach bhagair mé orthu: “Cén fáth a bhfuil sibh ag caitheamh na hoíche le taobh an bhalla? Má dhéanann sibh amhlaidh arís, díolfaidh sibh as uaimse!” As sin amach níor tháinig siad ar an tsabóid a thuilleadh.

22. D'ordaigh mé do na Léivítigh iad féin a ghlanadh agus teacht agus na geataí a fhaire i dtreo go gcoimeádfaí an tsabóid naofa. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá bharr seo freisin agus, de réir méid do bhuanghrá, bí trócaireach liom.

23. Chonaic mé freisin an t‑am úd Giúdaigh a phós mná ó Aisdeod, ó Amón agus ó Mhóáb.

24. Maidir le leanaí, labhair leath acu teanga Aisdeod nó teanga cheann de na ciníocha eile, ach gan teanga Iúdá ar a gcumas.

25. Rinne mé ceartú orthu agus chuir mallachtaí orthu; bhuail mé a lán acu agus staith mé a ngruaig agus thug faoi deara dóibh mionn a thabhairt dar Dia á rá: “Ná tugaigí bhur n‑iníonacha le pósadh dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonacha le bheith mar mhná ag bhur mic ná agaibh féin.

26. Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.

27. An gcaithfimidne cur suas lena chloisteáil go bhfuil sibhse freisin ag déanamh na coire móire sin, agus ag fealladh ar bhur nDia trí mhná deoranta a phósadh?”

Léigh chaibidil críochnaithe Nihimiá 13