Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 7:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Óir tugann an mac easonóir dá athairagus éiríonn an iníon suas in aghaidh a mátharagus an banchliamhain in aghaidh máthar a céileagus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.

7. Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath;cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoiragus éistfidh mo Dhia liom.

8. Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa;fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.

9. Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna- mar pheacaigh mé ina choinne -go dtí go n‑agraíonn sé mo chúisagus go seasann sé ceart dom.Treoróidh sé mé chun an tsolaisagus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.

10. Feicfidh mo namhaid é seoagus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa:“Cá bhfuil do Dhia?”Bainfidh mé lán na súl aisti;gabhfar de chosa inti anoismar lathach na sráideanna.

11. Tá an lá a n‑atógfar do bhallaí ag teacht;an lá sin leathnófar do chríocha.

12. An lá sin tiocfar chugatón Asaír go dtí an Éigipt,ón Tuír go dtí an Abhainn,ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh.

13. Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáisde dheasca a ndrochghníomhartha.

14. Seol do phobal chun féaraigh le do bhata,an tréad atá ina oidhreacht agat,a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta.Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileádmar a mbídís san am fadó.

15. [Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt.

16. Feicfidh na náisiúin iadagus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht.Cuirfidh siad a lámha lena mbéalagus beidh bodhaire ina gcluasa.

17. Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe,ar nós péisteanna na talún.Tiocfaidh siad amach as a ndúntaagus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.

Léigh chaibidil críochnaithe Míocá 7