Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 5:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ach tusa, a Bheithil Eafrátábíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdáis asatsa a thiocfaidh chugaman té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael,an té a dtéann a shinsearacht na cianta siargo dtí an t‑am fadó.

2. Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iadgo dtí go mbéarfar mac di siúd,a bhfuil tinneas clainne uirthi,ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.

3. Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréadtrí chumhacht an Tiarnaagus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia.Mairfidh siad go slán sábháiltemar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.

4. Beidh sé féin ina údar síochána;nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír,nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha,músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.

5. Smachtóidh siad tír na hAsaíre le claíomhagus dúiche Niomrod le treise lainne.Fuasclóidh sé sinn ón Asaírmá thagann siad isteach inár dtír,fiú má chuireann siad cos laistigh dár gcríocha.

6. Agus beidh fuílleach Iacóibi measc a lán náisiúnmar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarnanó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas.Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear;ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Míocá 5