Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 5:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ach tusa, a Bheithil Eafrátábíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdáis asatsa a thiocfaidh chugaman té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael,an té a dtéann a shinsearacht na cianta siargo dtí an t‑am fadó.

2. Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iadgo dtí go mbéarfar mac di siúd,a bhfuil tinneas clainne uirthi,ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.

3. Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréadtrí chumhacht an Tiarnaagus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia.Mairfidh siad go slán sábháiltemar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.

4. Beidh sé féin ina údar síochána;nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír,nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha,músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.

Léigh chaibidil críochnaithe Míocá 5