Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 4:7-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agamagus déanfaidh mé náisiún láidirden mhuintir atá tuirseach traochta.Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíónas seo amach agus go deo.

8. Agus tusa, a thúir an tréada,a chnocáin iníon Shíón,tiocfaidh chugat ar aisan tiarnas a bhí agat tráthagus ríúlacht iníon Iarúsailéim.

9. Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois?Nach bhfuil aon rí agat?An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoirsa chaoi gur ghabh arraingeacha thúmar bhean ina leaba luí seoil?

10. Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón,mar bhean ina leaba luí seoil.Óir beidh ort imeacht as an gcathair anoisagus cur fút faoin tuath.Rachaidh tú go dtí an Bhablóinach slánófar ann thú.Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thúó lámha do naimhde.

11. Tá a lán náisiúnag cruinniú le chéile i d'aghaidh anois.Deir siad: “Go dtruaillítear íionas go bhfeicfidh ár súile féin bascadh Shíón.

12. Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarnaagus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún;mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéilemar phunanna ar urlár buailte.

13. Éirigh, a iníon Shíón,agus déan an bualadh.Tabharfaidh mé adharca iarainnagus crúba cré-umha duitchun go mbascfaidh tú mórán ciníochaagus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarnaagus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.

14. [Gearr thú féin anois, a iníon chogúil]táthar tar éis léigear a chur orainnagus breitheamh Iosraela bhualadh sa leiceann le slat.

Léigh chaibidil críochnaithe Míocá 4