Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 4:7-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agamagus déanfaidh mé náisiún láidirden mhuintir atá tuirseach traochta.Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíónas seo amach agus go deo.

8. Agus tusa, a thúir an tréada,a chnocáin iníon Shíón,tiocfaidh chugat ar aisan tiarnas a bhí agat tráthagus ríúlacht iníon Iarúsailéim.

9. Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois?Nach bhfuil aon rí agat?An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoirsa chaoi gur ghabh arraingeacha thúmar bhean ina leaba luí seoil?

10. Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón,mar bhean ina leaba luí seoil.Óir beidh ort imeacht as an gcathair anoisagus cur fút faoin tuath.Rachaidh tú go dtí an Bhablóinach slánófar ann thú.Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thúó lámha do naimhde.

Léigh chaibidil críochnaithe Míocá 4