Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 7:20-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. ach an duine a íosfaidh feoil íobairt chomaoineach a ofráladh don Tiarna, agus é fós neamhghlan, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.

21. Má bhaineann duine le neamhghlan, duine nó ainmhí neamhghlan, nó aon ní truaillithe, agus ansin feoil íobairt chomaoineach don Tiarna a ithe, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.”

22. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

23. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Ná hithigí saill ar bith, saill daimh, ná caorach, ná gabhair.

24. Saill ainmhí a gheobhaidh bás uaidh féin, nó saill ainmhí a stollfaidh ainmhithe allta, ní miste daoibh feidhm ar bith eile a bhaint aisti, ach ní ceadmhach daoibh féin í a ithe.

25. Aon duine a itheann saill ainmhí a ofráladh ina íobairt dhóite don Tiarna, déantar é a ionnarbadh óna phobal.

26. Cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh, ná caithigí aon sórt fola, fuil éin ná fuil ainmhí.

27. Aon duine a chaitheann fuil d'aon sórt, déantar é a ionnarbadh óna phobal.”

28. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

29. “Labhair le clann mhac Iosrael agus abair:Aon duine a ofrálann íobairt chomaoineach don Tiarna, tugadh sé cuid dá íobairt mar ofráil.

30. Tugadh sé ofráil dhóite an Tiarna, an tsaill ar an mbrollach is é sin, ina lámha féin. Tugadh sé í sin agus an brollach féin chomh maith, d'fhonn an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna.

31. Ní foláir don sagart an tsaill a dhó ar an altóir, ach bíodh an brollach ag Árón agus ag a chlann mhac.

32. Cuirigí an cheathrú dheas de na híobairtí comaoineach i leataobh agus tugaigí don sagart í.

33. An cheathrú dheas an chuid is dual don mhac le hÁrón a ofrálann fuil agus saill an íobairt chomaoineach.

34. An brollach, dá réir sin, lena ndéantar an dleacht ar leith a ofráil, agus an cheathrú a ofráiltear, tógaim ar ais iad as na híobairtí comaoineach a ofrálann clann Iosrael, agus tugaim iad d'Árón an sagart agus dá mhic; reacht síoraí é seo ag ceangal chlann Iosrael.”

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 7