13. Tá an ofráil seo le cur leis na builíní aráin ghabháilte agus leis an íobairt chomaoineach bhuíochais.
14. Tá ceann de na builíní as gach ofráil le cur i láthair an Tiarna mar íobairt; bíodh sin ag an sagart a chroith fuil an íobairt chomaoineach.
15. Feoil an íobarthaigh chomaoineach bhuíochais, itear í lá a hofrála; ná fágtar aon ruainne di go maidin.
16. Ach má bhíonn an t‑íobarthach á íobairt mar ofráil mhóide nó méine, itear é lá a ofrála, agus itear an fuílleach lá arna mhárach;
17. ach má bhíonn aon chuid d'fheoil an íobarthaigh fágtha ar an tríú lá, loisctear sa tine é.
18. Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.
19. Feoil a bhaineann le haon ní neamhghlan, ná hitear í, ach loisctear sa tine í. Ní miste d'aon duine glan feoil a ithe
20. ach an duine a íosfaidh feoil íobairt chomaoineach a ofráladh don Tiarna, agus é fós neamhghlan, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.
21. Má bhaineann duine le neamhghlan, duine nó ainmhí neamhghlan, nó aon ní truaillithe, agus ansin feoil íobairt chomaoineach don Tiarna a ithe, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.”
22. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
23. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Ná hithigí saill ar bith, saill daimh, ná caorach, ná gabhair.
24. Saill ainmhí a gheobhaidh bás uaidh féin, nó saill ainmhí a stollfaidh ainmhithe allta, ní miste daoibh feidhm ar bith eile a bhaint aisti, ach ní ceadmhach daoibh féin í a ithe.
25. Aon duine a itheann saill ainmhí a ofráladh ina íobairt dhóite don Tiarna, déantar é a ionnarbadh óna phobal.
26. Cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh, ná caithigí aon sórt fola, fuil éin ná fuil ainmhí.
27. Aon duine a chaitheann fuil d'aon sórt, déantar é a ionnarbadh óna phobal.”