Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 24:10-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Bhí fear ann arbh Iosraelach mná a mháthair agus arbh Éigipteach a athair. Tháinig sé óna theach amach agus chuaigh faoin gcampa i measc chlann Iosrael agus chrom sé - mac na hIosraelaí - ar aighneas le hIosraelach sa champa.

11. Ansin thug mac na hIosraelaí diamhasladh don Ainm agus mhallaigh é. Thugadar go Maois é (Sealomaít iníon Dibrí de threibh Dán ainm a mháthar).

12. Chuireadar i gcarcair é go nochtfaí toil an Tiarna dóibh.

13. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

14. “Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann.

15. Ansin abair le clann Iosrael:Aon duine a mhallaíonn a Dhia, iompraíodh sé ualach a pheaca.

16. An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.

17. An té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.

18. An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; anam ar anam.

19. Má dhéanann duine a chomharsa a leonadh, déantar leis a ndearna sé,

20. briseadh ar bhriseadh, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail. Déantar ciorrú air dála an chiorraithe a rinne sé.

21. An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; agus an té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 24