Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 19:27-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Ná bearraigí bhur bhfolt ina chuar ar bhur n‑uiseanna timpeall, agus ná gearraigh imill d'fhéasóige.

28. Ná ciorraígí bhur gcorp nuair a chailltear duine, agus ná cuirigí breacadh ar bith orthu. Mise an Tiarna.

29. Ná déan striapach de d'iníon agus í a thruailliú, le heagla go rachadh an tír le striapachas agus go mbeadh sé ar snámh le corbadh.

30. Coimeádaigí mo shabóidí agus bíodh urraim agaibh do mo shanctóir. Mise an Tiarna.

31. Ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí, mar go dtruailleoidís sibh. Mise an Tiarna bhur nDia.

32. Éirigh i do sheasamh don cheann liath agus bíodh urraim agat don duine aosta, agus bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.

33. Nuair a chuireann deoraí faoi faraibh in bhur ndúiche, ná cuirigí isteach air.

34. An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.

35. Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnais dlí, i dtomhas faid ná meáchain ná toirte;

36. bíodh bhur scálaí agus bhur meáchain cóir; bíodh bhur n‑éafá cóir, agus bíodh bhur hín cóir. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as tír na hÉigipte.

37. Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna; leanaigí iad. Mise an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 19