Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 19:21-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Tugadh sé íobairt chiontachta chun an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; reithe an íobairt chiontachta.

22. Le reithe seo an íobairt chiontachta déanadh an sagart, thar ceann an duine i láthair an Tiarna, gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son an pheaca a rinne sé; agus maithfear dó an peaca a rinne sé.

23. Nuair a thiocfaidh sibh isteach sa tír agus gach sórt crann toraidh a chur, bíodh meas forchraicinn agaibh ar an toradh; bíodh sé amhail rud gan timpeallghearradh agaibh ar feadh trí bliana, agus ná hithigí é.

24. An ceathrú bliain beidh an toradh go léir naofa, ofráil chéadtorthaí don Tiarna.

25. An cúigiú bliain ní miste daoibh a dtoradh a ithe agus a bhfómhar a chnuasach daoibh féin. Mise an Tiarna do Dhia.

26. Ná hithigí aon fheoil ina mbíonn fuil. Ná cleachtaigí asarlaíocht ná draíocht.

27. Ná bearraigí bhur bhfolt ina chuar ar bhur n‑uiseanna timpeall, agus ná gearraigh imill d'fhéasóige.

28. Ná ciorraígí bhur gcorp nuair a chailltear duine, agus ná cuirigí breacadh ar bith orthu. Mise an Tiarna.

29. Ná déan striapach de d'iníon agus í a thruailliú, le heagla go rachadh an tír le striapachas agus go mbeadh sé ar snámh le corbadh.

30. Coimeádaigí mo shabóidí agus bíodh urraim agaibh do mo shanctóir. Mise an Tiarna.

31. Ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí, mar go dtruailleoidís sibh. Mise an Tiarna bhur nDia.

32. Éirigh i do sheasamh don cheann liath agus bíodh urraim agat don duine aosta, agus bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.

33. Nuair a chuireann deoraí faoi faraibh in bhur ndúiche, ná cuirigí isteach air.

34. An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 19