Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 16:24-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Déanadh sé é féin a ionladh in áit choisricthe, agus ansin cuireadh sé na héidí uime arís, agus gabhadh sé amach arís chun a íobairt uileloiscthe féin agus íobairt uileloiscthe a phobail a ofráil, agus leorghníomh a dhéanamh ar a shon féin agus ar son an phobail;

25. ní foláir dó saill an íobairt pheaca a loscadh ar an altóir.

26. An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

27. An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n‑otrach le loscadh.

28. An té a dhónn iad, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

29. “Bíodh sé seo mar dhlí síoraí agaibh: Ar an deichiú lá den seachtú mí, déanaigí troscadh, agus scoirigí den obair, idir thíorthaíoch agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc.

30. Óir is é seo an lá ar a ndéanfar gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son, d'fhonn sibh a ghlanadh. Glanfar sibh ó bhur bpeacaí go léir i láthair an Tiarna.

31. Bíodh sé ina shaoire shabóide shollúnta agaibh agus déanaigí troscadh. Dlí sioraí é seo.

32. “Sagart arna ungadh agus arna insealbhú chun fónaimh in áit a athar nach foláir an gnás leorghnímh a chomhlíonadh. Cuireadh sé uime an línéadach agus na héidí naofa,

33. agus comhlíonadh sé leorgníomh an tsanctóra naofa, Bhoth na Teagmhála agus na haltóra. Ansin ceiliúradh sé gnás an leorghnímh thar ceann na sagart agus mhuintir an chomhthionóil uile.

34. Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.” Rinneadh mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 16