Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 16:20-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. “Nuair a bheidh gnás an leorghnímh don sanctóir, do Bhoth na Teagmhála, agus don altóir, comhlíonta aige, tugadh sé an pocán eile, an ceann beo, i láthair.

21. Leagadh Árón a dhá láimh ar cheann an phocáin bheo, agus admhaíodh sé coireanna uile chlann Iosrael os a chionn, agus a gcionta go léir, agus a bpeacaí go léir; agus leagadh sé sa mhullach air iad. Agus iadsan go léir leagtha sa cheann air, seoladh sé amach faoin bhfásach é ar láimh ag fear a bhíonn ullamh chuige sin;

22. agus iompróidh an pocán ualach a gcoireanna go léir leis amach faoin bhfásach.

23. “Ansin tiocfaidh Árón isteach i mBoth na Teagmhála tar éis dó an gabhar a sheoladh faoin bhfásach. Baineadh sé de an éide lín a chuir sé uime ag dul isteach sa sanctóir, agus fágadh sé ansiúd í.

24. Déanadh sé é féin a ionladh in áit choisricthe, agus ansin cuireadh sé na héidí uime arís, agus gabhadh sé amach arís chun a íobairt uileloiscthe féin agus íobairt uileloiscthe a phobail a ofráil, agus leorghníomh a dhéanamh ar a shon féin agus ar son an phobail;

25. ní foláir dó saill an íobairt pheaca a loscadh ar an altóir.

26. An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

27. An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n‑otrach le loscadh.

28. An té a dhónn iad, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

29. “Bíodh sé seo mar dhlí síoraí agaibh: Ar an deichiú lá den seachtú mí, déanaigí troscadh, agus scoirigí den obair, idir thíorthaíoch agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 16