Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 16:18-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. tagadh sé amach agus téadh sé go dtí an altóir atá os comhair an Tiarna agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh uirthi. Tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus an phocáin agus cuireadh sé í ar bheanna na haltóra timpeall.

19. Croitheadh sé cuid den fhuil seacht n‑uaire ar an altóir lena mhéar; sin mar atá sí le glanadh agus le naomhú aige, le híonghlanadh agus le scaradh ó neamhghlaine iomadúil chlann Iosrael.

20. “Nuair a bheidh gnás an leorghnímh don sanctóir, do Bhoth na Teagmhála, agus don altóir, comhlíonta aige, tugadh sé an pocán eile, an ceann beo, i láthair.

21. Leagadh Árón a dhá láimh ar cheann an phocáin bheo, agus admhaíodh sé coireanna uile chlann Iosrael os a chionn, agus a gcionta go léir, agus a bpeacaí go léir; agus leagadh sé sa mhullach air iad. Agus iadsan go léir leagtha sa cheann air, seoladh sé amach faoin bhfásach é ar láimh ag fear a bhíonn ullamh chuige sin;

22. agus iompróidh an pocán ualach a gcoireanna go léir leis amach faoin bhfásach.

23. “Ansin tiocfaidh Árón isteach i mBoth na Teagmhála tar éis dó an gabhar a sheoladh faoin bhfásach. Baineadh sé de an éide lín a chuir sé uime ag dul isteach sa sanctóir, agus fágadh sé ansiúd í.

24. Déanadh sé é féin a ionladh in áit choisricthe, agus ansin cuireadh sé na héidí uime arís, agus gabhadh sé amach arís chun a íobairt uileloiscthe féin agus íobairt uileloiscthe a phobail a ofráil, agus leorghníomh a dhéanamh ar a shon féin agus ar son an phobail;

25. ní foláir dó saill an íobairt pheaca a loscadh ar an altóir.

26. An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

27. An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n‑otrach le loscadh.

28. An té a dhónn iad, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

29. “Bíodh sé seo mar dhlí síoraí agaibh: Ar an deichiú lá den seachtú mí, déanaigí troscadh, agus scoirigí den obair, idir thíorthaíoch agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc.

30. Óir is é seo an lá ar a ndéanfar gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son, d'fhonn sibh a ghlanadh. Glanfar sibh ó bhur bpeacaí go léir i láthair an Tiarna.

31. Bíodh sé ina shaoire shabóide shollúnta agaibh agus déanaigí troscadh. Dlí sioraí é seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 16