Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 3:15-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Líon sé mé le luibheanna searbhaagus chuir sé masmas orm le mormónta.

16. Thug sé orm gairbhéal a mheilt faoi m'fhiacla,agus chlúdaigh sé mé le luaithreach.

17. Is fada ó mo chroí a dhíbir tú an tsíocháinsa chaoi nach cuimhin liom céard is sonas ann.

18. Is é a deirim: “Tá mo bhuaine curtha ó chrích;tá deireadh leis an dóchas a mhúscail an Tiarna ionam.”

19. Cuimhnigh ar m'angar agus ar mo chuid fánaíochta,ar an mormónta agus ar an domlas.

20. Is cuimhin liomsa go sármhaith iadagus tá mo chroí spíonta istigh orm dá bharr.

21. Ach tabharfaidh mé an smaoineamh seo chun mo chuimhne,mar is é fáth mo dhóchais é:

22. Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarnaagus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.

23. Athnuaitear iad gach maidin;óir is daingean í a dhílseacht.

24. “Is é an Tiarna mo chuid den saol,” a deirim,“is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.”

25. Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis,don duine a bhíonn á lorg.

26. Is maith an ní é fanacht go foighneachle slánú an Tiarna.

27. Is é leas an duine an chuing a iomparle linn a óige.

28. Agus suí go tostach ar leithrigh,nuair a chuirtear air í,

29. agus luí síos béal faoi sa luaithreach- b'fhéidir go bhfuil ábhar dóchais ann fós -

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 3