Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dólás, Aithrí, Dóchas

1. Mise an fear a d'fhulaing cruatanfaoi shúiste a dhíbheirge.

2. Ní sa solas ach sa dorchadasa thiomáin agus a sheol sé mé.

3. I m'aghaidhse amháin a ardaíonn sé a lámhaar feadh an lae go léir.

4. Tá mo chorp agus mo chraiceann tnáite aigebhris sé mo chnámha go léir.

5. Thóg sé balla i m'aghaidhagus thimpeallaigh mé le domlas agus duainéis.

6. Thug sé orm cónaí sa dorchadasar nós na marbh a d'éag fadó.

7. Thóg sé múr i mo thimpeall chun nach n‑éalóinnagus chuir sé le meáchan mo shlabhra.

8. Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach,thug sé an chluas bhodhar do m'achainí.

9. Dhún sé na bealaí orm le clocha soghearrtha;chuir sé cor i mo bhóithre go léir.

10. Mar bhéar i luíochán nó mar leon in eadarnaíbhí sé in oirchill orm.

11. Chuir sé amú mé agus rinne sé ciorrú ormagus d'fhág sé treascartha tréigthe mé.

12. Theann sé a bhogha agus chuir sé i mo sheasamh mémar sprioc dá shaighead.

13. Scaoil sé lán a bholgáin de shaigheadaisteach i m'áranna.

14. Ceap magaidh ab ea mé ag an bpobal go léir,mé i m'ábhar aoire acu ar feadh an lae.

15. Líon sé mé le luibheanna searbhaagus chuir sé masmas orm le mormónta.

16. Thug sé orm gairbhéal a mheilt faoi m'fhiacla,agus chlúdaigh sé mé le luaithreach.

17. Is fada ó mo chroí a dhíbir tú an tsíocháinsa chaoi nach cuimhin liom céard is sonas ann.

18. Is é a deirim: “Tá mo bhuaine curtha ó chrích;tá deireadh leis an dóchas a mhúscail an Tiarna ionam.”

19. Cuimhnigh ar m'angar agus ar mo chuid fánaíochta,ar an mormónta agus ar an domlas.

20. Is cuimhin liomsa go sármhaith iadagus tá mo chroí spíonta istigh orm dá bharr.

21. Ach tabharfaidh mé an smaoineamh seo chun mo chuimhne,mar is é fáth mo dhóchais é:

22. Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarnaagus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.

23. Athnuaitear iad gach maidin;óir is daingean í a dhílseacht.

24. “Is é an Tiarna mo chuid den saol,” a deirim,“is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.”

25. Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis,don duine a bhíonn á lorg.

26. Is maith an ní é fanacht go foighneachle slánú an Tiarna.

27. Is é leas an duine an chuing a iomparle linn a óige.

28. Agus suí go tostach ar leithrigh,nuair a chuirtear air í,

29. agus luí síos béal faoi sa luaithreach- b'fhéidir go bhfuil ábhar dóchais ann fós -

30. agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann éagus masla ar mhuin masla a fhulaingt.

31. Óir ní go síoraí seastaa shéanfaidh an Tiarna a phobal;

32. má chránn sé féin, is truachroíoch é leisde réir iomadúlacht a bhuanghrá;

33. mar ní óna chroí a dhéanann séan Ádhamhchlann a chiapadh agus a chrá.

34. Nuair a ghabhtar de chosai gcimí uile na tíre,

35. nuair a sháraítear cearta an duinei láthair an Té is Airde;

36. nuair a thugtar cambhreith ar dhuine i gcúis dlí,an amhlaidh nach bhfeiceann an Tiarna é?

37. Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir,mura gceadaíonn an Tiarna é?

38. Nach ó bhéal an Té is Airdea thagann an t‑olc agus an mhaith?

39. Cén fáth a ndéanfadh duine ar bith gearán,go háirithe an fear atá ann fós d'ainneoin a pheacaí?

40. Scrúdaímis agus iniúchaimis ár mbéasaagus fillimis ar ais ar an Tiarna.

41. Tógaimis ár gcroíthe agus ár lámha araonchun Dé atá sna flaithis go hard.

42. “Tá peacaí agus ceannairc déanta againne;níor thug tú féin maithiúnas dúinn.

43. Chuaigh tú sa tóir orainn agus feisteas feirge umatagus rinne tú sléacht orainn gan trua.

44. D'fholaigh tú thú féin i néalionas nach bpollfadh ár n‑urnaí tríd.

45. Rinne tú dramhaíl agus bruscar dínni measc na náisiún.

46. D'oscail ár naimhde go léira mbéal inár n‑aghaidh.

47. Scanradh agus clais ghábhála is dán dúinn,léirscrios agus lot.

48. Tá linnte uisce le mo shúilede dheasca dhíothú mo phobail ionúine.

49. Sileann deora ó mo shúile gan stad,mar ní bhfaighidh mé faoiseamh ar bith

50. go mbreathnóidh an Tiarna anuas ó neamhchun feachaint orm.

51. Is crá croí dom a bhfeiceann mo shúiledá bhfuil á fhulaingt ag iníonacha uile mo chathrach.

52. An dream a bhí ina naimhde agam gan chúis,chuaigh siad sa tóir orm mar éan.

53. Chaith siad beo mé síos sa charcairagus dhún siad le cloch orm í.

54. D'éirigh an t‑uisce os mo chionnagus dúirt mé: ‘Tá deireadh liom!’

55. Ghlaoigh mé ar d'ainm, a Thiarna,ó íochtar na carcrach doimhne.

56. Chuala tú mo ghuí: ‘Ná tabhair an chluas bhodhardo m'éamh agus mé ag iarraidh faoisimh.’

57. Dhruid tú i mo leith an lá a ghlaoigh mé ortagus dúirt: ‘Ná bíodh eagla ort.’

58. D'agair tusa, a Thiarna, an chúis a raibh mo bhás ag brath uirthiagus d'fhuascail tú m'anam.

59. Chonaic tú, a Thiarna, an éagóir a rinneadh orm;seas ceart dom.

60. Chonaic tú conas mar a lig siad a nimh amach orm,a ndrochbheartaíocht uile i m'aghaidh.

61. Chuala tú, a Thiarna, faoina gcuid achasán,faoina ndrochiompar uile i mo choinne,

62. faoi cháineadh agus faoi chogarnaíl lucht m'ionsaithear feadh an lae go léir.

63. Bíodh siad ina suí nó ina seasamh,féach gur mise is ábhar aoire acu.

64. Bain sásamh astu, a Thiarna,de réir a ndrochbheart;

65. tabhair stuacacht chroí dóibh:bíodh do mhallacht orthu;

66. le teann feirge déan iad a thóraíocht agus a scriosde dhruim na talún, a Thiarna.”