Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Laoi Na Laoithe 7:7-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Is álainn tú, is aoibhinn,a shearc, a mhilse.

8. Ard maorga mar chrann pailme tú,do chíocha mar chrobhaing.

9. “Suas an phailm liom,” arsa mise;“béarfaidh mé greim ar a géaga.”Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna,boladh úll ar d'anáil.

10. Togha fíona do phógaag dul go blasta síos an scornachtrí bheola agus fiacla.

11. Le mo ghrá-sa mise,agus mise a mhiansan.

12. Tar liom, a ghrá,amach ar na bánta.Codlóimid i measc bláthanna coifir.

13. Moch maidine don fhíonghort,d'fhios ar eascair an fhíniúin,ar oscail a bláthanna,ar bhorr an gránúll.Is ann a thabharfad grá duit.

14. Geanúll ag tabhairt a bholadh,togha agus rogha chun ár láimhe.Sean agus nuaa thaisc mé duitse, a ghrá.

Léigh chaibidil críochnaithe Laoi Na Laoithe 7